Tréimhse chónaithe ealaíontóra sa Centre Culturel Irlandais i bPáras bronnta ar Chiara Ni É

Ciara Ní É - file, aisteoir, drámadóir,agus podchraoltóir
Thursday, May 1, 2025 - 11:45

Comhghairdeas ó chroí le Ciara Ní É - file, aisteoir, drámadóir,agus podchraoltóir - a bhfuil tréimhse chónaithe ealaíontóra bronnta uirthi sa Centre Culturel Irlandais i bPáras. Tá an chónaitheacht seo á cómhaoiniú ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, mar chuid den chomhoibriú leanúnach a bhíonn ar siúl againn le CCI, le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i bPáras.

Tá an Ghaeilge i bPáras ag dul ó neart go neart. Ó chuir Lárionad na Gaeilge tús le teagasc na Gaeilge sa CCI in 2005, a bhuí le maoiniú an rialtais, tá pobal fuinniúil díograiseach Gaeilgeoirí tar éis fás agus bláthú ansin. I mbliana, tá os cionn 75 duine ag freastal ar ranganna Gaeilge sa CCI agus tabharfaidh sciar maith den ghrúpa sin faoi scrúduithe TEG sa samhradh.   

Is é cuspóir na dtréimhsí cónaithe, a mhaireann 12 sheachtain, ná spás agus spreagadh a thabhairt d’ealaíontóirí Éireannacha forbairt a dhéanamh ar a gcuid oibre nó ar thogra ar leith, agus deis  a thabhairt dóibh a saothar a thaispeáint ar ardán idirnáisiúnta.  Le linn a tréimhse sa CCI, beidh Ciara ag obair ar a céad chnuasach filíochta dátheangach.  Cuirfidh Gaeilgeoirí an CCI fáilte is fiche roimpi gan dabht agus táthar ag suil go mór le tionchar Chiara ar phobal na nGael agus na n-ealaíon i bPáras a fheiscint.